twitter
rss

Twitter Delicious Facebook Digg Stumbleupon Favorites
16 Mar

Bhí an-spraoi againn ag ceiliúradh Seachtain na Gaeilge ar scoil i mbliana.

Ghlacamar páirt i go leor imeachtaí ranga agus rinneamar ceiliúradh le chéile mar scoil freisin. Ghlacamar páirt i tóraíocht taisce, ceolchoirm, tráth na gceist boird agus fiú cluiche scoile iomlán biongó!

Maith sibh gach daoine as iarracht speisialta a dhéanamh go leor Gaeilge a labhairt le cúpla seachtain anuas.

Féach ar chuid dár ngníomhaíochtaí thíos…

Bhain muid an-taitneamh as an gceolchoirm, agus sheinn go leor amhrán, damhsaí agus dánta!

Buíochas mór lenár láithreoirí!

Bhí an-spraoi ag baint lenár tóraíocht taisce agus deis iontach a bhí ann dúinn ár scileanna oibre foirne a thaispeáint.

Bhí tráth na gceist dúshlánach ach d’oibríomar go maith ag labhairt na Gaeilge le chéile!

Anois déanfaimid iarracht mhór tógáil ar ár nGaeilge labhartha gach lá ar scoil agus sa bhaile!

Leave a Reply: